Úsáideann Tumadh Teanga an cur chuige téamúil a mholtar i bhfoghlaim teanga.
Cabhraíonn an cur chuige údarach seo le comhcheangal na gceithre scileanna, foghlaim phraiticiúil agus ullmhúchán do na scrúduithe.
Ar na gnéithe atá le fáil i dTumadh Teanga tá:
• Cuspóirí foghlama soiléire ag tús gach aonaid
• Cleachtaí labhartha comhcheangailte a spreagann comhrá sa rang
• Fócas ar an bhfoghraíocht agus míniú ar na hathruithe fuaime a thagann ar chonsain agus ar ghutaí áirithe
• Tascanna taighde inar féidir leis na daltaí obair i ngrúpaí nó as a stuaim féin
• Cleachtaí éisteachta ina n-úsáidtear sleachta as TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta
• Léamhthuiscintí nuálacha, nuascríofa atá bunaithe ar leagan amach an scrúdaithe
• Nótaí soiléire, cuimsitheacha don Phrós agus don Fhilíocht
• Aistí, ailt, díospóireachtaí agus scéalta samplacha a chabhraíonn le daltaí dul i gcleachtadh ar struchtúir agus ar nathanna áisiúla
• Aonaid breise a thabharann treoirlínte do na scrúduithe don chúrsa Litríochta, don chúrsa ceapadóireachta, don scrúdú béil agus don chluastuiscint
• 2 dhlúthdhiosca lán d’ábhar éisteachta, labhartha agus fi líochta.
top of page
School Books,School Stationary & Supplies For Sale In Dublin Ireland
"Such an amazing service, totally made my summer stress free as I didn't have to think about school books & stationery" Sarah Willow Park
SKU: 9781908507983
€21.95Price
Related Products
bottom of page















